Gå til hovedindhold

Bunchúrsa Cruinnis Ghaelteanga (Leibhéal C1)

torsdag, 24 september '26   19:00 – 21:00 IST
Fuldt booket

Venteliste

Dette arrangement er fuldt booket, men du kan tilføje dig selv til ventelisten.

Indtast dine oplysninger nedenfor for at blive informeret via e-mail, når en plads bliver ledig. Du skal svare hurtigt på e-mailen for at sikre en plads, hvis en bliver ledig.

Du får besked via e-mail, hvis der bliver en ledig plads.
Dette er valgfrit, men kan være nyttigt for arrangøren af arrangementet.

Detaljer

Íoslódáil bróisiúr an chúrsa [anseo] https://drive.google.com/file/d/1a2BlvGDvnlzmkiC2sK3zt6iaVtNSIL-Q/view?usp=sharing).

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá Bunchúrsa Cruinnis Ghaelteanga dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge labhartha mhaith acu ach ar mian leo gramadach níos cruinne a bheith acu agus deis a fháil a gcuid scileanna scríofa a fhorbairt. Tá sé an-oiriúnach dóibh siúd atá ag obair trí Ghaeilge – iriseoirí, craoltóirí, státseirbhísigh agus múinteoirí, mar shampla – agus do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar ábhar i gcoláiste tríú leibhéal. Tá an cúrsa oiriúnach freisin dóibh siúd a dteastaíonn uathu freastal ar Chúrsa Cruinnis Ghaelteanga amach anseo ach nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu go fóill.

Ábhar agus gníomhaíochtaí
Ní mhúinfear ach gramadach atá úsáideach agus a chabhróidh leis na rannpháirtithe agus iad ag úsáid na teanga go laethúil. Múinfear rialacha agus ansin tabharfar deis do na rannpháirtithe iad a chur i bhfeidhm sa chaint agus sa scríobh. Tabharfar tús áite don Chaighdeán Oifigiúil seachas do chanúint faoi leith ar bith.

Ní bheidh an t-ábhar chomh casta leis an ábhar a úsáidtear i gCúrsa Cruinnis Ghaelteanga ná ní bheidh na gníomhaíochtaí chomh casta céanna is atá sa chúrsa áirithe sin.

Bainfear úsáid as sleachta as irisí agus nuachtáin agus as míreanna ón raidió, agus beidh réimse leathan gníomhaíochtaí i gceist sna ranganna, iad seo ina measc:

• cleachtaí aistriúcháin
• cleachtaí agus cluichí gramadaí
• cleachtaí scríbhneoireachta
• cleachtaí éisteachta ina mbeidh béim faoi leith ar chúrsaí reatha
• cora cainte úsáideacha atá le fáil sna canúintí éagsúla
• stór focal comhaimseartha
• cleachtaí cainte.

Billetter

Pris

Bunchúrsa Cruinnis Ghaelteanga (Leibhéal C1)

€200.00