Cliceáil anseo chun bróisiúr an chúrsa a íoslódáil.
Cúrsa deich seachtaine ó Ghaelteanga atá oiriúnach dóibh siúd atá in ann na príomhphointí in ionchur soiléir caighdeánach a thuiscint maidir le cúrsaí coitianta a bhíonn i gceist go rialta san obair, ar scoil, i gcúrsaí fóillíochta, etc.
Bíonn na foghlaimeoirí seo ar a suaimhneas ag labhairt na Gaeilge agus úsáideann siad an teanga ó am go chéile – i gcomhthéacs sóisialta, mar shampla.
Is féidir leo déileáil leis an gcuid is mó de na topaicí a thagann chun cinn agus iad ag caint le cainteoirí dúchais.
Bíonn siad ábalta téacs simplí leanúnach a chur ar fáil ar thopaicí a bhfuil cur amach acu orthu nó a bhfuil spéis acu iontu.
Is féidir leo cur síos a dhéanamh ar eispéiris agus imeachtaí, ar bhrionglóidí, ar ábhair dhóchais agus ar uaillmhianta atá acu agus cúiseanna agus míniúcháin a thabhairt go hachomair i dtaca le tuairimí agus pleananna.
Tá na topaicí ag an leibhéal seo níos dúshlánaí ná na cinn atá i gceist ag meánleibhéal 1.
Tickets
Cost
4 available
€180.00
Manage your cookies
We use some essential cookies to make this website work. You can opt in to any additional cookies. For more information on how we use cookies, or to change your cookie preferences, see our Cookie Policy.