Skip to main content

Cúrsa Cruinnis Ghaelteanga (Leibhéal C2)

Wednesday, 23 September '26   7pm – 9pm IST
Zoom
Only 2 spaces left

This is an online event.

Joining instructions will be provided after booking.

Details

Íoslódáil bróisiúr an chúrsa anseo.

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?
Tá Cúrsa Cruinnis Ghaelteanga dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge labhartha an-mhaith acu ach ar mian leo gramadach níos cruinne a bheith acu agus deis a fháil a gcuid scileanna scríofa a fhorbairt. Tá sé an-oiriúnach dóibh siúd atá ag obair trí Ghaeilge – iriseoirí, craoltóirí, státseirbhísigh agus múinteoirí, mar shampla – agus do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge mar ábhar i gcoláiste tríú leibhéal.

Ábhar agus gníomhaíochtaí
Ní mhúinfear ach gramadach atá úsáideach agus a chabhróidh leis na rannpháirtithe agus iad ag úsáid na teanga go laethúil. Múinfear rialacha agus ansin tabharfar deis do na rannpháirtithe iad a chur i bhfeidhm sa chaint agus sa scríobh. Tabharfar tús áite don Chaighdeán Oifigiúil seachas do chanúint faoi leith ar bith.

Bainfear úsáid as sleachta as irisí agus nuachtáin agus as míreanna ón raidió, agus beidh réimse leathan gníomhaíochtaí i gceist sna ranganna, iad seo ina measc:

• cleachtaí aistriúcháin
• cleachtaí agus cluichí gramadaí
• cleachtaí scríbhneoireachta
• cleachtaí éisteachta ina mbeidh béim faoi leith ar chúrsaí reatha
• cora cainte úsáideacha atá le fáil sna canúintí éagsúla
• stór focal comhaimseartha
• cleachtaí cainte.

Tickets

Cost

Cúrsa Cruinnis

2 available
€200.00

Online event information

Zoom